Valle d'Aostanovtimoaymodusvhireprd EVv 89Af O10
Regione Valle d'Aosta | |||||
---|---|---|---|---|---|
— Réigiún Féinrialaithe na hIodáile — | |||||
| |||||
![]() | |||||
Tír | An Iodáil | ||||
Príomhbhaile | Aosta | ||||
Bardasachtaí | 74 | ||||
Rialtas • Uachtarán |
Augusto Rollandin | ||||
Achar • San iomlán |
3,263 km² | ||||
Daonra • San iomlán • Dlús |
126,933 39/km2/km² | ||||
Láithreán | Suíomh gréasáin |
Réigiún féinrialaithe san Iodáil é Valle d'Aosta ("Gleann Aosta") agus é suite sna sléibhte in iarthuaisceart na tíre. Is í cathair Aosta (Fraincis: Aoste) príomhchathair an réigiúin. Tá Valle d'Aosta ag críochantacht leis an bhFrainc san iarthar, an Eilbhéis sa tuaisceart agus le réigiún Phíodmant san oirthear agus sa deisceart. Tá an réigiún 3,263 km2 (1,260 míle chearnach) ar achas, agus cónaí ansin ar 130,000 duine. Mar sin, tá sé ar an réigiún is lú achar, daonra agus dlús daonra san Iodáil. Murab ionann agus réigiúin eile na hIodáile, níl Valle d'Aosta roinnte ina chúigí, ach tá 74 bhardasacht (comuni) ann.
Is iad an Iodáilis agus an Fhraincis na teangacha oifigiúla, ach is í an teanga úd Valdôtain, ar canúint de chuid na Franca-Phrovansáilise (na hArpatáinise) í, caint na ndaoine. Thairis sin tá canúint Gearmáinise, Walserdeutsch, á labhairt ag mionlach i nGleann Lys. Canúint Ard-Alamannach í atá gaolmhar leis na canúintí a labhraítear san Eilvéis.
Tagairtí[cuir in eagar | athraigh foinse]
Réigiúin na hIodáile |
![]() | |
Abruzzo | Apulia | Basilicata | Calabria | Campania | Emilia-Romagna | Friuli-Venezia Giulia | Lazio | Liguria | an Lombaird | Marche | Molise | Piedmont | an tSairdín | an tSicil | Trentino-Tirol Theas | an Tuscáin | Umbria | Valle d'Aosta | Veneto | |